Pól nuair nach raibh ann ach ógánach anabaí, gan maoin ná uaillmhian. Ag obair i siopa a bhí sé ag an am. Ise a d’aithin na féidearthachtaí a bhí sa bhuachaill aineolach seo. Agus anois fear saibhir, léannta a bhí ann, fear a raibh meas ag cách air, ardfhear. Teach breá aige, clann mhac, iad cliste agus dathúil.
Bhí a lán le ceiliúradh acu.
Maidir leis an gcóisir féin, bhí gach rud idir lámha aici - bhí sí tar éis gloiní agus fíon a chur ar ordú sa siopa fíona; bhí an reoiteoir lán le pióga agus ispíní agus bradán agus arán lámhdhéanta den uile shórt. Bhí an dara reoiteoir tógtha ar cíos aici - is féidir é seo a dhéanamh, ní thuigfeadh a lán daoine é ach thuig Lisín, b’in an saghas í - agus bhí an ceann sin líonta freisin, le rudaí deasa le hithe. Rudaí milse den chuid is mó de, agus rudaí nach raibh milis ach nach raibh i Reoiteoir a hAon. Dá mbeadh an lá go breá bheadh an chóisir acu amuigh sa ghairdín, agus bhí boird agus cathaoireacha le fáil ar iasacht aici ó na comharsana. Agus mura mbeadh an lá go breá bhí an teach mór go leor do na haíonna ar fad. Bhí gach rud ann glan